
De réir mar a dhruideann oibrithe scothaosta gar don aois scoir, bíonn go leor deiseanna ann do na cuardaitheoirí poist sin a smaoiníonn ar chúrsaí oiliúna a dhéanamh le haghaidh róil a bhfuil éileamh orthu.
Tá 42 ghairm ina bhfuil ganntanas oibrithe sainaitheanta ag an gCoimisiún Eorpach i réimsí éagsúla lena n‑áirítear cúram sláinte agus fáilteachas, mar aon le tionscail dhigiteacha agus ghlasa nua atá ag teacht chun cinn. Ach uas-sciliú a dhéanamh chun bheith in ann tabhairt faoina leithéid sin de ghairmeacha, d’fhéadfadh cuardaitheoirí poist an ról nua atá ceart dóibh a aimsiú. San alt seo, sainaithnímid cuid de na tionscail inar dócha go mbeidh éileamh ar iarrthóirí ó gach cearn den Aontas – agus an tacaíocht is féidir leo tairbhe a bhaint aisti chun na róil sin a fháil.
Iompar
D’fhéadfadh trucail a thiomáint a bheith ina ról taitneamhach agus ríthábhachtach – agus is réimse é inar féidir le cuardaitheoirí poist deiseanna oibre a aimsiú agus tairbhe a bhaint as tuarastail atá ag dul i méid faoi láthair. Tá iompar earraí ar fud na hEorpa ríthábhachtach do shlabhraí soláthair ar fud na mór-roinne. Trí bliana ó shin, luaigh FreightConnections de chuid DHL Freight sonraí tionscail lenar tugadh le fios go raibh ganntanas de 400 000 tiománaí trucailí troma san Eoraip cheana féin in 2022. Chuir sé in iúl gur dócha go n‑éireodh an staid ní ba mheasa de réir mar a chuaigh tiománaithe – a raibh a meánaois os cionn 50 bliain d’aois ansin – ar scor, i dtionscal ina bhfuil sé deacair, fós le blianta beaga anuas, daoine a earcú. Anuraidh, tugadh le fios i dtuarascáil ón Aontas Idirnáisiúnta um Iompar de Bhóthar (IRU) gur chiallaigh ganntanais tiománaithe nach raibh ar chumas leath d’oibreoirí trucailí na hEorpa forbairt a dhéanamh.
Tá méadú ag teacht anois ar thuarastail, áfach, agus is ann do dheiseanna láidre chun obair a fháil mar thoradh ar an nganntanas sin faoi láthair. Tugadh le fios i dtuarascáil IRU 2024 go raibh an meántuarastal do thiománaithe trucaile san Eoraip 55 % ní b’airde ná an pá íosta náisiúnta, agus é chomh hard le 133 % san Ísiltír.
Tá cineálacha éagsúla cur chuige in úsáid ag na Ballstáit d’fhonn cuardaitheoirí poist a spreagadh chun tabhairt faoi oiliúint san iompar. Sa Danmhairg, mar shampla, bunaíodh ciste um fhreagracht shóisialta a thairgeann tacaíocht – lenar áiríodh ionsamhlóirí – d’oiliúnaithe a bhí ag foghlaim conas trucailí a thiomáint. San Iodáil, tá bearta réigiúnacha agus náisiúnta i bhfeidhm chun 80 % de chostas ó thaobh na hoiliúna agus cháilíochtaí na dtiománaithe de a aisíoc.
Cúram sláinte
Tá gá suntasach agus méadaitheach le hoibrithe cúraim sláinte, ar ról bunriachtanach cúraim é a bheidh níos tábhachtaí fós i sochaí atá ag dul in aois. Tá róil cúraim sláinte, lena n‑áirítear dochtúirí ginearálta agus speisialaithe, agus altraí agus cúntóirí cúraim sláinte, le feiceáil ar liosta an Choimisiúin Eorpaigh de ghairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais. Sna blianta amach romhainn, beidh tuilleadh daoine scothaosta a mbeidh cúram de dhíth orthu ann, agus tá go leor díobh siúd atá ag obair sa tionscal cheana féin ag druidim le haois scoir.
Sa Laitvia, áit a raibh ganntanas dochtúirí tuaithe, cuireadh tacaíocht bhreise ar fáil do chleachtóirí ginearálta réigiúnacha. Sa tSualainn, rinne an rialtas infheistíocht le déanaí chun borradh a chur faoi acmhainneacht a sheirbhísí sláinte.
Poist dhigiteacha agus ghlasa
Tá aistrithe an Aontais i dtreo teicneolaíochtaí digiteacha agus glasa ag cur ar chumas na mór-roinne a bheith slán i bhfad na haimsire. Ciallaíonn sé sin go mbeidh éileamh mór ar oibrithe atá sásta tabhairt faoi oiliúint sna réimsí sin. Is í uaillmhian na hEorpa a bheith ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach, mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Mar thoradh air sin, is dócha go mbeidh róil nua ann i réimsí lena n‑áirítear tógáil agus ailtireacht, agus fuinneamh agus innealtóireacht.
Ina theannta sin, is dócha go dtiocfaidh méadú ar an éileamh a bheidh ar oibrithe digiteacha. Sa tuarascáil ó 2023 dar teideal Skills in Transition: the way to 2035 [Scileanna i mbun aistrithe’: an bealach go dtí 2035], tugtar le fios go mbeidh éileamh láidir ar ghairmithe TFC ann go dtí 2035. Is príomhthosaíocht de chuid an Aontais iad scileanna digiteacha. Dúirt ní ba mhó ná 70 % de ghnólachtaí de chuid na hEorpa go bhfuil an infheistíocht á coinneáil siar ag an easpa ball foirne atá cáilithe go digiteach. I mí an Mhárta, leithdháil an Coimisiún Eorpach EUR 1.3 billiún le haghaidh scileanna digiteacha agus teicneolaíochtaí criticiúla, an intleacht shaorga san áireamh.
Conas is féidir le EURES cabhrú
Is féidir le líonra comhairleoirí EURES ó gach cearn den Eoraip cabhair agus comhairle a thairiscint do chuardaitheoirí poist fad is atá obair á cuardach acu i dtionscail a bhfuil éileamh orthu. Is féidir le Comhairleoirí EURES scéimeanna oiliúna a shainaithint, comhairle a thairiscint maidir leis an áit a bhfuil éileamh ar scileanna cuardaitheoirí poist agus tacú le hiarrthóirí cáilíochtaí a bhaint amach, teangacha nua a fhoghlaim agus iarratas a dhéanamh ar phoist.
Cliceáil anseo chun ceist a chur ar Chomhairleoir EURES maidir le huas-sciliú le haghaidh poist a bhfuil éileamh orthu.
Naisc ghaolmhara:
Déan comhrá le Comhairleoir EURES
Bain úsáid as tairseach EURES chun a fháil amach cé na poist a bhfuil éileamh orthu, agus cá háit
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha eile de chuid an Aontais
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
EURES ar Instagram
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 17 Aibreán 2025
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- oiliúint EURES
- Leideanna agus Moltaí
- Nuacht inmheánach EURES
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
- Treochtaí earcaíochta
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Seirbhísí EURES
- Cúnamh agus tacaíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Eolas faoin margadh saothair
- Earnáil
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Professional, scientific and technical activities
- Transportation and storage