
Ar fáil anois ar YouTube, ‘EURES: An líonra daonna’. Sa chlár faisnéise seo tugtar chun beochta guthanna, scéalta agus luachanna na ndaoine a bhunaigh an líonra, agus atá ag leanúint ar aghaidh leis an líonra a mhúnlú gach lá. Rinneadh scannánaíocht ar 19 n-agallamh in 12 thír, agus tá níos mó ná léargas iardhearcach le fáil sa chlár faisnéise 30 nóiméad seo. Is ómós tochtmhar atá ann do phobal a bhfuil athshainiú déanta aige ar a bhfuil i gceist le gluaiseacht, le hoibriú agus le ballraíocht san Aontas.
Tá EURES dírithe ar dhaoine. Léirítear sa chlár faisnéise an spiorad sin, taithí na gcomhairleoirí, na gcuardaitheoirí poist, na bhfostóirí agus an lucht déanta beartas, chun léargas a thabhairt ar an tslí a d’fhorbair an líonra mar ghluaiseacht. Cuireann Daniel Bellón, fear de bhunadh na Spáinne atá ag obair mar Chomhairleoir EURES le fada an lá, an méid sin in iúl go foirfe sa chlár faisnéise: ‘Saoirse atá ann. An tsaoirse chun rogha a dhéanamh, an tsaoirse chun gluaiseacht, an tsaoirse chun mo shaol a athrú, an tsaoirse chun mo ghairm a athrú.’
Ní rud teoiriciúil amháin atá sa tsaoirse, tá tairbhe á baint ag na milliúin Eorpach as saoirse gach lá. Tá an méid ar cuireadh tús leis in 1994 mar iarracht mheasartha chun meaitseáil post trasteorann a eagrú ina cholún de chomhar AE anois, le tacaíocht ó bheagnach 1 000 comhairleoir in 31 tír.
Tugtar spléachadh sa chlár faisnéise ar laethanta tosaigh EURES. Níorbh fhurasta an dúshlán a bhí ann a shárú. An féidir leat a shamhlú go mbeadh na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí náisiúnta in ann oibriú le chéile, sonraí a roinnt agus baill foirne a oiliúint, fiú sula mbeadh an tIdirlíon ar fáil go forleathan? Tá tríocha bliain caite, agus tá EURES fós ag comhoibriú ar bhonn laethúil.
Tá EURES anois ar cheann de na huirlisí is láidre atá ag an Aontas chun soghluaisteacht an lucht saothair a chumasú. Trí thairseach EURES, comhpháirtíochtaí trasteorann, Scéimeanna Soghluaisteachta Spriocdhírithe agus Laethanta Fostaíochta Eorpacha (Ar líne), tacaítear le daoine aonair agus le cuideachtaí bacainní le linn earcaíochta thar theorainneacha a shárú. Sa chlár faisnéise, míníonn Irene Mandl, Ceann Aonaid EURES ag an Údarás Eorpach Saothair, gur ‘tacaíocht fhíoroibríochtúil í gníomhaíocht EURES a théann níos faide ná meaitseáil ar an margadh saothair. Déanann an leibhéal tacaíochta pearsantaithe sin difear, ní hamháin d’oibrithe, ach do chuideachtaí.’
Tacaíonn gnólachtaí áitiúla leis an smaoineamh seo freisin. Mikkel Stephansen, Comhpháirtí Gnó Acmhainní Daonna ag Semco Maritime (an Danmhairg): ‘Bhíomar in ann inniúlachtaí a mhealladh nach rabhamar in ann a aimsiú anseo sa Danmhairg’, tír ina raibh ‘an ráta dífhostaíochta an-íseal agus ina raibh orainn ansin daoine a mhealladh ó thíortha eile.’
Ní hamháin go dtugann an clár faisnéise cuntas ar an stair, meabhraíonn sé dúinn cén fáth a bhfuil tábhacht ag baint le EURES sa lá atá inniu ann, agus conas a chuidíonn sé le saoránaigh na hEorpa gairmeacha a fhorbairt a ligeann dóibh dul chun cinn a dhéanamh. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Adonis Pino Sanchez, a d’aistrigh ón Spáinn go dtí an tSualainn trí EURES: ‘Más mian leat dul chun cinn a dhéanamh, ní mór duit eitilt. D’aimsigh mé an deis seo in EURES, agus d’athraigh sé mo shaol.’
Leagtar béim sa chlár faisnéise ar go leor scéalta spreagúla cosúla daoine aonair ar éirigh leo athlonnú chun obair a dhéanamh trí EURES. Ón Spáinn go dtí an tSualainn, an tSlóvaic agus Éire, déanann na cuardaitheoirí poist sin cur síos ar an gcaoi ar sholáthair EURES ní hamháin deiseanna fostaíochta, ach treoir riachtanach freisin, tacaíocht le lóistíocht soghluaisteachta, agus lámh dhaonna a d’fhág go raibh an t-aistriú níos rianúla.
Is gné thábhachtach eile de ghníomhaíocht EURES é seo a thagann chun cinn go soiléir sa chlár faisnéise: tráth dá raibh, ní raibh aon duine ar fáil chun cabhrú le daoine poist a aimsiú thar lear, ach a bhuí leis an líonra, tá roghanna dáiríre acu anois agus tá a gcearta á gcosaint. Leagann Nicolas Schmit, iar-Choimisinéir Eorpach um Poist agus um Chearta Sóisialta, béim ar an méid seo a leanas: ‘Tá na cearta saothair ceannann céanna ag oibrithe soghluaisteachta, agus tá na cearta sóisialta céanna acu agus atá ag oibrithe cónaitheacha. Ní mór dúinn a áirithiú go mbeidh an tsoghluaisteacht sin cothrom.’
Le linn na tréimhse idir 2020 agus 2022, d’éascaigh EURES teagmhálacha le 5.5 milliún oibrí agus beagnach 400 000 fostóir. San Aontas Eorpach, trasnaíonn thart ar 1.8 milliún duine teorainneacha chun críche oibre gach lá. Cuireann EURES seirbhísí spriocdhírithe ar fáil d’oibrithe agus d’fhostóirí trasteorann araon. Tá tábhacht ag baint leis na huimhreacha seo, ach níl iontu ach cuid den scéal. Is é an méid a léirítear go soiléir sa chlár faisnéise ná go mbíonn tionchar dáiríre le tabhairt faoi deara nuair a chruthaítear nasc idir beartais agus daoine.
Cibé acu an mac léinn, fostóir, lucht déanta beartas thú nó duine atá fiosrach faoin méid a nascann an Eoraip le chéile, tugtar léargas soiléir sa chlár faisnéise seo ar an méid is brí le bheith i do shaoránach Eorpach.
Féach ar ‘EURES: An líonra daonna’ ar YouTube
Naisc ghaolmhara:
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí Ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
EURES ar Instagram
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 30 Aibreán 2025
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles